← Chaith (Naomh) Pádraig an lá sin i bhfochair Chaoilte, gur mhínigh sé soiscéal Nimhe dó. 🔊✎
← Ansin chuir sé an tonn bhaiste air. 🔊✎
← "Chruinníodh na laochra ar an tulach agus níodh gach uile fhear acu a cheann agus a chorp sa dara clais go mbaineadh sé an t-allas de. 🔊✎
← Chuireadh sé géaga beaga ó bharr na gcrann in íochtar le bheith idir é féin agus taise an talaimh. 🔊✎
← Chuireadh sé caonach os a chionn sin le bheith bog faoi agus luachair úr in uachtar le bheith mín in aice a choirp. 🔊✎
← Deich gcoinníoll eile a chuir Fionn ar gach ábhar Féinne: Slánadh a fháil óna athair agus óna mháthair, óna ghaolta agus óna chine nach n-agróidís a bhás go brách ar aon duine dá marófaí é a fhad a bheadh sé sna Fianna. 🔊
← Ní raibh glacadh ansin leis: Dá ligfeadh sé a loit le hurchar sleá. 🔊
← Dá ligfeadh sé crith ar a arm ina láimh. 🔊✎
← Ina dhiaidh sin féin ní raibh glacadh leis: Go léimfeadh sé thar ghéag a bhí chomh hard lena héadan. 🔊
← Go gcromfadh sé faoi ghéag a bhí chomh híseal lena ghlúin. 🔊✎
← Go mbainfeadh sé dealg as a chos gan toirmeasc reatha. 🔊✎
← Dá ndéanfadh sé é sin uile chaithfeadh sé móid a thabhairt go mbeadh sé umhal urramach do Rí na Féinne agus ansin ghlacfadh Fionn sa bhFiannaíocht é. 🔊✎